+Airteagal 41 1

Airteagal 41 1

1.   Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

an fhaisnéis atá le soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí agus iarratas á dhéanamh ar iarraidh dheonach a bheith ainmnithe mar chriticiúil faoi Airteagal 31(11);

(b)

ábhar, struchtúr agus formaid na faisnéise atá le cur isteach, le nochtadh nó le tuairisciú ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí de bhun Airteagal 35(1), lena n-áirítear an teimpléad chun faisnéis maidir le socruithe fochonraitheoireachta a chur ar fáil;

(c)

na critéir chun comhdhéanamh na foirne scrúdúcháin comhpháirteach a chinneadh lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom bhaill foirne na ÚMEnna agus na n-údarás inniúil ábhartha, a n-ainmniú, a gcúraimí agus a socruithe oibre.

(d)

mionsonraí mheasúnú na n-údarás inniúil ar na bearta a dhéanann soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla bunaithe ar mholtaí an Phríomh-Fhormhaoirseora de bhun Airteagal 42(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas