+Airteagal 60a 5.

Airteagal 60a 5.

Leis na creataí tástála faoi fhíordhálaí, leagfar síos na ceanglais faoina ndéanfar tástáil i bhfíordhálaí. Leis na creataí sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a) 

foráil do phlean tástála éigeantach faoi fhíordhálaí a áireamh a bheidh le comhaontú idir an soláthraí nó an soláthraí ionchasach agus an t-údarás inniúil náisiúnta nó an t-údarás ábhartha i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I;

(b) 

a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 60(2), (3), (4)(d)-(j) agus (5)-(9), i gcás ina léifear aon tagairt d’údaráis faireachais margaidh sna forálacha sin mar thagairt don údarás inniúil náisiúnta nó don údarás ábhartha, de réir mar is iomchuí i gcomhréir le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I;

(c) 

socruithe éifeachtacha rialachais agus cuntasachta a áireamh;

(d) 

ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas