|
+Airteagal 75 2a. |
Airteagal 75 2a.I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag údarás faireachais margaidh a bheith in amhras go ndearna soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta saorga dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sárú ar an Rialachán seo, féadfaidh sé a iarraidh, tríd an bpointe teagmhála aonair ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 70(2), ar an Oifig um Intleacht Shaorga measúnú a dhéanamh ar an ábhar chun na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go pras. Beidh réasúnú cuí leis an iarraidh agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
(a)
ainm an tsoláthraí nó an úsáideora ghairmiúil lena mbaineann;
(b)
tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo a líomhnaítear gur sáraíodh iad, agus aon chúis leordhóthanach a bhfuil bunús maith léi chun drochamhras a bheith ann go ndearnadh sárú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe líomhnaithe;
(c)
an t-údarás faireachais margaidh a dhéanann an iarraidh. Tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga lánaird ar an iarraidh agus comhoibreoidh an t-údarás faireachais margaidh go gníomhach agus cuirfidh sé an cúnamh is gá ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le mír 1a. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an iarraidh a fháil, in iúl don phointe teagmhála aonair go bhfuil sé ar intinn aici a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 75a nó faoi na cúiseanna atá aici gan a cumhachtaí a fheidhmiú. Má chinneann an Oifig um Intleacht Shaorga a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 75a, cuirfidh sí an pointe teagmhála aonair sin ar an eolas go tréimhsiúil faoi mhórfhorbairtí sna himeachtaí agus faoi thoradh na n-imeachtaí sin, gan aon fhaisnéis rúnda a nochtadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|