+Airteagal 75 Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga agus cúnamh frithpháirteach
---+Airteagal 75 1.
---+Airteagal 75 1a.
---+Airteagal 75 1b.
---+Airteagal 75 1c.
---+Airteagal 75 1d.
---+Airteagal 75 1e.
---+Airteagal 75 2.
---+Airteagal 75 2a.
---+Airteagal 75 3.
|
Airteagal 75 Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga agus cúnamh frithpháirteach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 75 1.
|
Beidh an Oifig um Intleacht Shaorga inniúil go heisiach maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i ndáil leis na córais intleachta saorga seo a leanas:
(a)
córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha i gcás inarb é an soláthraí céanna a fhorbraíonn an tsamhail agus an córas, nó soláthraithe atá ina gcuid den ghnóthas céanna leis an soláthraí sin, cé is moite den mhéid seo a leanas:
(i)
córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(ii)
córais intleachta saorga dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III;
(iii)
córais intleachta saorga arna soláthar ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bainistithe teorainneacha agus institiúidí airgeadais, a mhéid a thagann na córais intleachta saorga sin faoi Airteagal 74(6); agus
(iv)
córais intleachta saorga dá dtagraítear i bpointe 8 d’Iarscríbhinn III a mhéid a bhaineann le riar an cheartais;
(b)
córais intleachta saorga ar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne iad arna ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2065, nó atá comhtháite sna hardáin sin nó sna hinnill sin.
Beidh feidhm ag an inniúlacht eisiach dá dtagraítear sa chéad fhomhír maidir le soláthraithe na gcóras sin. Ní bheidh feidhm aige maidir le húsáideoirí gairmiúla na gcóras sin ach amháin nuair a bheidh siad ina soláthraí freisin nó nuair is cuid den ghnóthas céanna iad leis an soláthraí.
|
|
Airteagal 75 1a.
|
De mhaolú ar Airteagal 73, déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir inniúlacht na hOifige um Intleacht Shaorga de bhun mhír 1 den Airteagal seo aon teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú don Oifig um Intleacht Shaorga. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 73 (2) go (9). Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga an fhaisnéis ábhartha a tharchur go pras chuig údarás faireachais margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí nó a ionadaí dlíthiúil lonnaithe ar a chríoch.
|
|
Airteagal 75 1b.
|
Comhoibreoidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo go gníomhach leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus tabharfaidh siad an cúnamh is gá don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cumhachtaí a fheidhmiú, lena n-áirítear, i gcás inar gá, i ndáil le cigireachtaí nó bearta forfheidhmiúcháin eile a dhéantar ar chríoch Ballstáit. Chuige sin, teachtfaidh na húdaráis sin na cumhachtaí dá bhforáiltear de bhun an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2019/1020, agus i gcás inarb ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí faoin mír seo a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme.
|
|
Airteagal 75 1c.
|
Agus gníomhaíocht imscrúdaitheach nó forfheidhmiúcháin á déanamh i gcríoch Ballstáit lena mbaineann rochtain ar shonraí údaráis phoiblí nó ar chóras intleachta saorga, tabharfaidh an t-údarás faireachais margaidh ábhartha cúnamh don Oifig um Intleacht Shaorga.
|
|
Airteagal 75 1d.
|
Sula ndéanfar cinneadh a mbeadh sé d’éifeacht aige toirmeasc nó srian a chur ar an gcóras intleachta saorga a bheith ar fáil nó a chur i mbun seirbhíse ar mhargadh náisiúnta, nó cinneadh a dhéanamh an córas intleachta saorga a tharraingt siar nó a aisghairm ón margadh sin, tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga fógra, gan moill mhíchuí, don údarás faireachais margaidh atá inniúil sa mhargadh sin go bhfuil sé ar intinn aici an cinneadh sin a dhéanamh. Rachaidh an Oifig um Intleacht Shaorga i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inarb iomchuí, maidir le haon ábhar a bhaineann le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 75 1e.
|
Is í an Oifig um Intleacht Shaorga a bheidh freagrach as measúnuithe agus tástálacha comhréireachta ar chórais intleachta saorga dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aicmítear mar chórais ardriosca agus atá faoi réir measúnú comhréireachta tríú páirtí de bhun Airteagal 43, sula gcuirfear na córais intleachta saorga sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Fíorófar leis na tástálacha agus leis na measúnuithe sin go gcomhlíonann na córais ceanglais ábhartha an Rialacháin seo agus go bhféadfar iad a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse san Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún déanamh na dtástálacha nó na measúnuithe sin a chur de chúram ar chomhlachtaí faoina dtugtar fógra arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus sa chás sin gníomhóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra thar ceann an Choimisiúin. Mura ndéanann comhlacht, faoina dtugtar fógra ar tharmlig an Coimisiún cúraimí chuige faoin mír seo, na cúraimí sin go leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún an tarmligean a tharraingt siar le héifeacht láithreach. Toibheofar na táillí le haghaidh gníomhaíochtaí tástála agus measúnaithe ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a rinne iarratas ar mheasúnú comhréireachta tríú páirtí chuig an gCoimisiún. Íocfaidh an soláthraí na costais a bhaineann leis na seirbhísí a chuireann an Coimisiún de chúram ar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Airteagal seo, leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra.
|
|
Airteagal 75 2.
|
I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag na húdaráis ábhartha faireachais margaidh chun a mheas go bhfuil córais intleachta saorga ilchuspóireacha ar féidir le húsáideoirí gairmiúla iad a úsáid go díreach chun críche amháin ar a laghad a aicmítear mar ardriosca de bhun an Rialacháin seo neamhchomhréireach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, comhoibreoidh siad leis an Oifig um Intleacht Shaorga chun meastóireachtaí comhlíontachta a dhéanamh, agus cuirfidh siad an Bord agus údaráis eile faireachais margaidh ar an eolas dá réir sin.
|
|
Airteagal 75 2a.
|
I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag údarás faireachais margaidh a bheith in amhras go ndearna soláthraí nó úsáideoir gairmiúil chóras intleachta saorga dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sárú ar an Rialachán seo, féadfaidh sé a iarraidh, tríd an bpointe teagmhála aonair ábhartha arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 70(2), ar an Oifig um Intleacht Shaorga measúnú a dhéanamh ar an ábhar chun na bearta maoirseachta agus forfheidhmiúcháin is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo go pras. Beidh réasúnú cuí leis an iarraidh agus áireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
(a)
ainm an tsoláthraí nó an úsáideora ghairmiúil lena mbaineann;
(b)
tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha an Rialacháin seo a líomhnaítear gur sáraíodh iad, agus aon chúis leordhóthanach a bhfuil bunús maith léi chun drochamhras a bheith ann go ndearnadh sárú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar éifeachtaí diúltacha an tsáraithe líomhnaithe;
(c)
an t-údarás faireachais margaidh a dhéanann an iarraidh.
Tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga lánaird ar an iarraidh agus comhoibreoidh an t-údarás faireachais margaidh go gníomhach agus cuirfidh sé an cúnamh is gá ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le mír 1a. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis an iarraidh a fháil, in iúl don phointe teagmhála aonair go bhfuil sé ar intinn aici a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 75a nó faoi na cúiseanna atá aici gan a cumhachtaí a fheidhmiú. Má chinneann an Oifig um Intleacht Shaorga a cumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 75a, cuirfidh sí an pointe teagmhála aonair sin ar an eolas go tréimhsiúil faoi mhórfhorbairtí sna himeachtaí agus faoi thoradh na n-imeachtaí sin, gan aon fhaisnéis rúnda a nochtadh.
|
|
Airteagal 75 3.
|
I gcás nach mbeidh údarás faireachais margaidh in ann a imscrúdú ar an gcóras intleachta saorga ardriosca a thabhairt i gcrích toisc nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga in ainneoin gach iarracht iomchuí a bheith déanta aige an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga, trína ndéanfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a fhorfheidhmiú. Sa chás sin, soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga don údarás is iarratasóir gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis a mheasfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a bheith ábhartha chun a shuí an bhfuil táirge neamhchomhlíontach. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 78 den Rialachán seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|