+Airteagal 75 3.
|
Airteagal 75 3.
I gcás nach mbeidh údarás faireachais margaidh in ann a imscrúdú ar an gcóras intleachta saorga ardriosca a thabhairt i gcrích toisc nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga in ainneoin gach iarracht iomchuí a bheith déanta aige an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga, trína ndéanfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a fhorfheidhmiú. Sa chás sin, soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga don údarás is iarratasóir gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis a mheasfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a bheith ábhartha chun a shuí an bhfuil táirge neamhchomhlíontach. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 78 den Rialachán seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|