|
+Airteagal 79 6. |
Airteagal 79 6.San fhógra dá dtagraítear i mír 5 beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe an fhaisnéis is gá chun an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga, an cineál neamhchomhlíontachta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios go háirithe ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;
(b)
nár chomhlíon córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
(c)
go raibh easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 lena mbronntar toimhde comhréireachta;
(d)
neamhchomhlíonadh Airteagal 50. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|