+Airteagal 81 1.
|
Airteagal 81 1.
Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 79(5) a fháil, nó laistigh de 30 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, go ndéanfaidh údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit agóidí i gcoinne beart a rinne údarás faireachais margaidh eile, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an beart contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan moill mhíchuí le húdarás faireachais margaidh an Bhallstáit ábhartha agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí, nó laistigh de 60 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, ag tosú leis an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 79(5), an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh d’údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún gach údarás faireachais margaidh eile ar an eolas freisin faoina chinneadh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|