|
+Airteagal 99 7. |
Airteagal 99 7.Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an méid seo a leanas:
(a)
cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
(b)
ar chuir údaráis eile faireachais margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna;
(c)
ar chuir údaráis eile fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna i leith sáruithe ar dhlí eile de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta eile, nuair a bhíonn na sáruithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht chéanna nó ar an neamhghníomh céanna ar sárú ábhartha ar an Rialachán seo é;
(d)
méid, láimhdeachas bliantúil agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;
(e)
aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú;
(f)
méid an chomhair a bhí ann leis na húdaráis inniúla náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;
(g)
méid na freagrachta atá ar an oibreoir agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir sé chun feidhme á gcur san áireamh;
(h)
an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoir an sárú in iúl, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
(i)
cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;
(j)
aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir chun dochar a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear a mhaolú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|