+Airteagal 46 Údaráis inniúla
---+Airteagal 46 (a)
---+Airteagal 46 (b)
---+Airteagal 46 (c)
---+Airteagal 46 (d)
---+Airteagal 46 (e)
---+Airteagal 46 (f)
---+Airteagal 46 (g)
---+Airteagal 46 (h)
---+Airteagal 46 (i)
---+Airteagal 46 (j)
---+Airteagal 46 (k)
---+Airteagal 46 (l)
---+Airteagal 46 (m)
---+Airteagal 46 (n)
---+Airteagal 46 (o)
---+Airteagal 46 (p)
---+Airteagal 46 (q)

Airteagal 46 Údaráis inniúla

Gan dochar do na forálacha maidir leis an gCreat Formhaoirseachta le haghaidh soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla dá dtagraítear i gCaibidil V, Roinn II, den Rialachán seo, maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo, is iad na húdaráis inniúla seo a leanas a áiritheoidh é sin i gcomhréir leis na cumhachtaí a dheonaítear leis na gníomhartha ábhartha dlí:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 (a)

i gcás institiúidí creidmheasa agus i gcás institiúidí atá díolmhaithe de bhun Threoir 2013/36/AE, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4 den Treoir sin, agus i gcás institiúidí creidmheasa a aicmítear a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, BCE i gcomhréir leis na cumhachtaí agus na cúraimí a thugtar leis an Rialachán sin;

Airteagal 46 (b)

i gcás institiúidí íocaíochta, lena n-áirítear institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Threoir (AE) 2015/2366, institiúidí ríomh-airgid, lena n-áirítear iad siúd atá díolmhaithe de bhun Threoir 2009/110/CE, agus soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Threoir (AE) 2015/2366, an t-údarás inniúil arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) 2015/2366;

Airteagal 46 (c)

i gcás gnólachtaí infheistíochta, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

Airteagal 46 (d)

i gcás soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní mar a údaraítear faoi an Rialachán maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní agus eisitheoirí licíní sócmhainn-tagartha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir leis an bhforáil ábhartha den Rialachán sin;

Airteagal 46 (e)

i gcás taisclanna lárnacha urrús, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014;

Airteagal 46 (f)

i gcás contrapháirtithe lárnacha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

Airteagal 46 (g)

i gcás ionaid trádála agus soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 67 de Threoir 2014/65/AE, agus an t-údarás inniúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014;

Airteagal 46 (h)

i gcás stórtha trádála, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

Airteagal 46 (i)

i gcás bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 44 de Threoir 2011/61/AE;

Airteagal 46 (j)

i gcás cuideachtaí bainistíochta, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE;

Airteagal 46 (k)

i gcás gnóthais árachais agus athárachais, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2009/138/CE;

Airteagal 46 (l)

i gcás idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2016/97;

Airteagal 46 (m)

i gcás institiúidí um sholáthar pinsean ceirde, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 47 de Threoir (AE) 2016/2341;

Airteagal 46 (n)

i gcás gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009;

Airteagal 46 (o)

i gcás riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 41 de Rialachán (AE) 2016/1011;

Airteagal 46 (p)

i gcás soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2020/1503;

Airteagal 46 (q)

i gcás stórtha urrúsúcháin, an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 14(1) de Rialachán (AE) 2017/2402.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas