+Airteagal 8 1.

Airteagal 8 1.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun a chinneadh cé na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus a gceanglófar orthu deimhniú Eorpach cibearshlándála a fháil ar leibhéal dearbhúcháin ar a laghad ‘substaintiúil’ faoi scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála arna glacadh de bhun Rialachán (AE) 2019/881, chun comhréireacht leis na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó codanna díobh a léiriú, ar choinníoll go nglacfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála lena gcumhdaítear na catagóirí táirgí sin ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus go mbeidh sí ar fáil do mhonaróirí. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin an leibhéal dearbhúcháin is gá a bheidh comhréireach le leibhéal an riosca cibearshlándála a bhaineann leis na táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus cuirfear i gcuntas iontu an chríoch a beartaíodh dóibh, lena n-áirítear an spleáchas criticiúil orthu ag eintitis fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2022/2555.

Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá beartaithe ar an margadh agus rachaidh sé i mbun comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an Grúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2019/881. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú ullmhacht agus leibhéal acmhainne na mBallstát chun an scéim Eorpach ábhartha um dheimhniú cibearshlándála a chur chun feidhme. I gcás nár glacadh aon ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, beidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mbaineann a gcroífheidhmiúlacht le catagóir táirgí mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV faoi réir na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 32(3).

Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar foráil d’idirthréimhse íosta 6 mhí, mura mbeidh údar le hidirthréimhse níos giorra ar mhórchúiseanna práinne.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas