1. Féadfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla, leis na údaráis réitigh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, le BCE, leis an mBord Réitigh Aonair a mhéid a bhaineann le faisnéis a bhaineann le heintitis a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, le BERS agus le ENISA, de réir mar is iomchuí, sásraí a bhunú ionas gur féidir cleachtais éifeachtacha a chomhroinnt ar fud na n-earnálacha airgeadais chun an fheasacht staide a fheabhsú agus chun cibirleochaileachtaí comhchoiteanna agus rioscaí ar fud na n-earnálacha a shainaithint.
Féadfaidh siad cleachtaí bainistithe géarchéime agus teagmhasacha a fhorbairt lena mbaineann cásanna cibirionsaí d’fhonn cainéil chumarsáide a fhorbairt agus freagairt chomhordaithe éifeachtach a chumasú de réir a chéile ar leibhéal an Aontais i gcás mórtheagmhas trasteorann a bhaineann le TFC nó i ndáil le bagairt eile ag a bhfuil tionchar sistéamach ar earnáil airgeadais an Aontais ina hiomláine.
Leis na cleachtaí sin, féadfar, de réir mar is iomchuí, spleáchais na hearnála airgeadais ar earnálacha eacnamaíocha eile a thástáil.