+Airteagal 49 Cleachtaí, cumarsáid agus comhar trasearnála airgeadais
---+Airteagal 49 1
---+Airteagal 49 2

Airteagal 49 Cleachtaí, cumarsáid agus comhar trasearnála airgeadais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1

1.   Féadfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla, leis na údaráis réitigh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, le BCE, leis an mBord Réitigh Aonair a mhéid a bhaineann le faisnéis a bhaineann le heintitis a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, le BERS agus le ENISA, de réir mar is iomchuí, sásraí a bhunú ionas gur féidir cleachtais éifeachtacha a chomhroinnt ar fud na n-earnálacha airgeadais chun an fheasacht staide a fheabhsú agus chun cibirleochaileachtaí comhchoiteanna agus rioscaí ar fud na n-earnálacha a shainaithint.

Féadfaidh siad cleachtaí bainistithe géarchéime agus teagmhasacha a fhorbairt lena mbaineann cásanna cibirionsaí d’fhonn cainéil chumarsáide a fhorbairt agus freagairt chomhordaithe éifeachtach a chumasú de réir a chéile ar leibhéal an Aontais i gcás mórtheagmhas trasteorann a bhaineann le TFC nó i ndáil le bagairt eile ag a bhfuil tionchar sistéamach ar earnáil airgeadais an Aontais ina hiomláine.

Leis na cleachtaí sin, féadfar, de réir mar is iomchuí, spleáchais na hearnála airgeadais ar earnálacha eacnamaíocha eile a thástáil.

Airteagal 49 2

2.   Comhoibreoidh údaráis inniúla, ÚMEnna agus BCE go dlúth le chéile agus malartóidh siad faisnéis eatarthu féin chun a ndualgais de bhun Airteagail 47 go 54 a dhéanamh. Déanfaidh siad a gcuid maoirseachta a chomhordú go dlúth chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a réiteach, chun dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, chun comhoibriú a éascú, chun comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus chun measúnuithe trasdlínse a sholáthar i gcás aon easaontuithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas