+Airteagal 50 4

Airteagal 50 4

4.   Tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht d’údaráis inniúla na pionóis riaracháin nó na bearta feabhais seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

ordú a eisiúint ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht a sháraíonn an Rialachán seo agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(b)

a éileamh go scoirfear go sealadach nó go buan d’aon chleachtas nó iompraíocht a mheasann an t-údarás inniúil a bheith contrártha le forálacha an Rialacháin seo, agus cosc a chur ar an gcleachtas nó ar an iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;

(c)

aon chineál birt a ghlacadh, lena n-áirítear de chineál airgid, chun a áirithiú go leanfaidh eintitis airgeadais de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dlí;

(d)

a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta, taifid de thrácht sonraí atá ann cheana agus a shealbhaíonn oibreoir teileachumarsáide a éileamh, i gcás ina mbeidh amhras réasúnach ann go bhfuil sárú á dhéanamh ar an Rialachán seo agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha d’imscrúdú ar sháruithe ar an Rialachán seo; agus

(e)

fógraí poiblí a eisiúint, lena n-áirítear ráitis phoiblí lena léirítear céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas