+Airteagal 51 Feidhmiú na cumhachta chun pionóis riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur
---+Airteagal 51 1
---+Airteagal 51 2

Airteagal 51 Feidhmiú na cumhachta chun pionóis riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 51 1

1.   Feidhmeoidh údaráis inniúla na cumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta feabhais a fhorchur dá dtagraítear in Airteagal 50 i gcomhréir lena gcreataí dlí náisiúnta, i gcás inarb iomchuí, mar a leanas:

(a)

go díreach;

(b)

i gcomhar le húdaráis eile;

(c)

faoin bhfreagracht atá orthu trí tharmligean chuig údaráis eile; nó

(d)

trí iarratas a dhéanamh chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Airteagal 51 2

2.   Nuair atá an cineál agus an leibhéal pionóis riaracháin nó birt feabhais atá le forchur faoi Airteagal 50 á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh an d’aon ghnó nó an de thoradh ar fhaillí a rinneadh an sárú maille leis na himthosca ábhartha uile eile, lena n-áirítear an méid a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)

ábharthacht, troime na cúise, agus fad an tsáraithe;

(b)

leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)

acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(d)

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(e)

caillteanais tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;

(f)

leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach sin, a áirithiú;

(g)

sáruithe eile roimhe seo a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas