|
+Airteagal 35 7. |
Airteagal 35 7.Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mheasúnú:
(a)
tuairisc chórasach ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe agus críocha na próiseála agus, más infheidhme, na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir;
(b)
measúnú ar riachtanas agus comhréireacht na n-oibríochtaí próiseála i gcomhréir leis na críocha;
(c)
measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí dá dtagraítear i mír 1; agus
(d)
na bearta a cheaptar a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí, lena n-áirítear coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú agus chun a thaispeáint go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh, cearta agus leasanna dlisteanacha ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann á gcur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|