|
+Airteagal 64 1. |
Airteagal 64 1.I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:
(a)
dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);
(b)
baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;
(c)
dírítear ann ar cheanglais maidir le creidiúnú comhlachta de bhun Airteagal 41(3), comhlachta deimhniúcháin de bhun Airteagal 43(3) nó ar na critéir maidir le deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 42(5) a fhormheas;
(d)
dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;
(e)
dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 46(3) a údarú; nó
(f)
dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|