|
+Airteagal 12 5. |
Airteagal 12 5.Measfar go gcuireann cleachtas dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 teorainn le hinchoimhlinteacht croísheirbhísí ardáin nó é a bheith éagórach i gcás:
(a)
ina bhfuil geatóirí ag gabháil don chleachtas sin agus é in ann bac a chur ar an nuáil agus teorainn a chur leis an rogha d’úsáideoirí gnó agus d’úsáideoirí deiridh toisc:
(i)
go ndéanann sé difear d’inchoimhlinteacht chroísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach, nó ina bhfuil an baol ann go ndéanfar difear dóibh ar bhonn marthanach de bharr bacainní iontrála a chruthú nó a neartú do ghnóthais eile nó forleathnú mar sholáthraithe croísheirbhíse ardáin nó seirbhísí eile san earnáil dhigiteach; nó
(ii)
go gcuireann sé cosc ar oibreoirí eile an rochtain chéanna a bheith acu ar ionchur lárnach agus atá ag an ngeatóir; nó
(b)
ina bhfuil éagothroime idir cearta agus oibleagáidí úinéirí gnó agus go bhfuil buntáiste á fháil ag an ngeatóir as úsáideoirí gnó, ar buntáiste é atá díréireach leis an tseirbhís a sholáthraíonn an geatóir sin do na húsáideoirí gnó sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|