+Airteagal 17 4.
|
Airteagal 17 4.
Nuair a ainmníonn an Coimisiún gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige mar gheatóir de bhun Airteagal 3(8), ar gnóthas é nach mbaineann tairbhe go fóill as suíomh daingnithe marthanach ina chuid oibríochtaí, ach go bhfuil sé intuartha go mbainfidh sé tairbhe as suíomh den sórt sin go luath, féadfaidh sé a fhógairt nach mbeidh infheidhme maidir leis an ngeatóir sin ach ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(3) go (6) agus Airteagal 6(4), (7), (9), (10) agus (13), mar a shonraítear sa chinneadh ainmniúcháin. Fógróidh an Coimisiún nach mbeidh infheidhme ach amháin na hoibleagáidí sin atá iomchuí agus riachtanach chun cosc a chur ar an ngeatóir suíomh daingnithe marthanach a bhaint amach ina chuid oibríochtaí ar bhealach atá éagórach. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ainmniú den sórt sin i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 4.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|