Ní fhéadfaidh institiúidí an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais a úsáid ach amháin i gcás ina ríomhann siad méideanna
►C9
neamhchosanta
◄ a ualaítear ó thaobh
►C9
riosca
◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Ní úsáidfidh institiúidí an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais araon, ach amháin chun críocha Airteagail 148(1) agus 150(1). Ní úsáidfidh institiúidí an eisceacht seo go roghnaitheach ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a bhaint amach nó ar mhaithe le arbatráiste rialála a stiúradh.