Más rud é nach n-áirítear mar theagmhas creidmheasa i ndíorthach creidmheasa athchóiriú na hoibleagáide foluití a bhaineann le príomhshuim, ús nó táillí a mhaitheamh nó a chur ar atráth as a dtig teagmhas caillteanais chreidmheasa, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
i gcás nach mó ná luach na
►C9
neamhchosanta ◄ an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, déanfaidh institiúidí luach na cosanta creidmheasa arna ríomh faoi mhír 1 a laghdú 40 %;
(b)
i gcás ar mó ná luach na
►C9
neamhchosanta ◄ an méid atá geallta ag soláthraí na cosanta a íoc, ní bheidh luach na cosanta creidmheasa níos airde ná 60 % de luach na
►C9
neamhchosanta ◄ .