+Airteagal 276 1.

Airteagal 276 1.

Chun críocha na Roinne seo, déanfaidh institiúidí méideanna comhthaobhachta VM, VMMA, NICA agus NICAMA, a ríomh trí na ceanglais uile seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) 

i gcás ina mbaineann na hidirbhearta uile a áirítear i dtacar glanluachála leis an leabhar trádála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagail 197 agus 299;

(b) 

i gcás ina bhfuil idirbheart amháin ar a laghad a bhaineann le leabhar neamhthrádála i dtacar glanluachála, ní aithneofar ach amháin comhthaobhacht atá incháilithe faoi Airteagal 197;

(c) 

is trí chomhartha deimhneach a aithneofar comhthaobhacht a fhaightear ó chontrapháirtí agus is trí chomhartha diúltach a aithneofar comhthaobhacht a bhreactar i leith contrapháirtí;

▼M17

(d) 

déanfar luach aon chineáil comhthaobhachta arna choigeartú i bhfianaise na luaineachta, a fuarthas nó a breacadh, a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 223;

▼M8

(e) 

ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VM agus i NICA araon ag an am céanna;

(f) 

ní áireofar an ítim chomhthaobhachta chéanna i VMMA agus i NICAMA araon ag an am céanna;

(g) 

ní aithneofar aon chomhthaobhacht a bhreactar i leith an chontrapháirtí atá leithscartha ó shócmhainní an chontrapháirtí sin, agus, mar gheall ar an leithscaradh sin, nach bhfuil baint aici le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chontrapháirtí sin, ní aithneofar í agus NICA agus NICAMA á ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas