+Airteagal 277a 2.

Airteagal 277a 2.

De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh institiúidí tacair fálúcháin aonair ar leithligh i ngach catagóir phriacail le haghaidh na n-idirbheart seo a leanas:

(a) 

idirbhearta arb é an príomhspreagaí ►C12  riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12  riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12  riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu luaineacht spreagaí ►C12  riosca ◄ , cé acu luaineacht intuigthe an mhargaidh í sin nó luaineacht réadaithe, nó an comhchoibhneas idir dhá spreagaí ►C12  riosca ◄ ;

(b) 

idirbhearta arb é an príomhspreagaí ►C12  riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12  riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12  riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), atá acu an difríocht idir dhá spreagaí ►C12  riosca ◄ arna mapáil ar an gcatagóir chéanna phriacail nó idirbhearta arb é atá iontu dhá chuid d'íocaíocht ainmnithe san airgeadra céanna agus a bhfuil spreagaí ►C12  riosca ◄ ó chatagóir chéanna phriacail an phríomhspreagaí ►C12  riosca ◄ le fáil sa chuid d'íocaíocht eile nach í an chuid d'íocaíocht a bhfuil an príomhspreagaí ►C12  riosca ◄ inti í.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire ►C12  riosca ◄ lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann príomhspreagaí ►C12  riosca ◄ , nó an spreagaí ►C12  riosca ◄ is ábhartha de na spreagaithe ►C12  riosca ◄ i gcatagóir áirithe idirbheart dá dtagraítear in Airteagal 277(3), dóibh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ní shannfaidh institiúidí idirbhearta don tacar fálúcháin céanna de chuid na catagóire ►C12  riosca ◄ lena mbainfidh ach amháin i gcás inarb ionann an péire spreagaithe ►C12  riosca ◄ sna hidirbhearta sin dá dtagraítear ann agus go mbeidh an dá spreagaí ►C12  riosca ◄ sa phéire sin curtha i gcomhchoibhneas deimhneach. Seachas sin, sannfaidh institiúidí idirbhearta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír do cheann amháin de na tacair fálúcháin sin arna mbunú i gcomhréir le mír 1, ar bhonn ceann den dá spreagaí ►C12  riosca ◄ dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), den mhír seo, sannfaidh institiúidí idirbhearta do thacar fálúcháin ar leithligh de chuid na catagóire riosca ábhartha de réir struchtúr an tacair fálúcháin chéanna a leagtar amach i mír 1.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas