|
+Airteagal 325n 3. |
Airteagal 325n 3.Is iad seo a leanas na fachtóirí ►C12 riosca ◄ um raon difríochta creidmheasa ag institiúidí ar shuíomhanna urrúsúcháin a áirítear i ACTP:
(a)
is é a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ rátaí um raon difríochta creidmheasa ábhartha uile eisitheoirí ►C12 neamhchosainti ◄ ionstraimí foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, a bhunaítear ar na hionstraimí fiachais agus babhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus maidir le gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
(b)
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ vega a bhíonn le cur i bhfeidhm maidir le céadroghanna a áirítear i ACTP mar ionstraimí foluiteacha ná luaineachtaí intuigthe um raon difríochta eisitheoirí ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin, atá intuigthe mar a thuairiscítear i bpointe (a) den mhír seo, a ndéanfar a mhapáil ar na hurrúsúcháin seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha comhfhreagraí faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana.
(c)
is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12 riosca ◄ chuaire cuara toraidh ábhartha um raon difríochta creidmheasa eisitheoirí ►C12 neamhchosainti ◄ foluiteacha an tsuímh urrúsúcháin arna shloinneadh mar veicteoir rátaí um raon difríochta creidmheasa maidir le haibíochtaí difriúla, atá intuigthe ó phointe (a) den mhír seo; maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|