|
+Airteagal 325ac 4. |
Airteagal 325ac 4.Déanfar glanmhéideanna JTD a chinneadh trí ollmhéideanna JTD fadtéarmacha agus ollmhéideanna JTD gearrthéarmacha a fhritháireamh. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin idir ►C12 neamhchosainti ◄ arb ionann iad ar gach dóigh ach amháin maidir le haibíocht. Ní fhéadfar fritháireamh a dhéanamh ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
maidir le hinnéacsanna, tráinsí innéacs agus tráinsí saincheaptha, féadfar fritháireamh a dhéanamh ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna, faoi réir na bhforálacha maidir le ►C12 neamhchosainti ◄ ar lú ná bliain amháin iad mar a leagtar síos in Airteagal 325x; is féidir méideanna JTD fadtéarmacha agus méideanna JTD gearrthéarmacha, ar macasamhlaithe foirfe iad, a fhritháireamh trína ndí-chomhdhéanamh i ►C12 neamhchosainti ◄ coibhéiseacha aonainm agus shamhail luachála á húsáid; i gcásanna den chineál sin beidh suim na n-ollmhéideanna JTD de chuid ►C12 neamhchosainti ◄ coibhéiseacha aonainm arna bhfáil trí dhí-chomhdhéanamh cothrom le hollmhéid JTD na risíochta neamh-dhí-chomhdhéanta.
(b)
ní cheadófar fritháireamh, mar a leagtar síos i bpointe (a) é, trí dhí-chomhdhéanamh maidir le hathurrúsúcháin nó le díorthaigh ar urrúsúcháin.
(c)
maidir le hinnéacsanna agus tráinsí innéacs, beidh fritháireamh indéanta ar aibíochtaí sa chlann innéacs chéanna, sa tsraith innéacs chéanna agus sa tráinse innéacs céanna trí mhacasamhlú nó trí dhí-chomhdhéanamh; i gcás ina mbeidh na ►C12 neamhchosaintí ◄ fadtéarmacha agus na ►C12 neamhchosainti ◄ gearrthéarmacha coibhéiseach, seachas comhpháirt iarmharach aonair, ceadófar fritháireamh agus léireoidh glanmhéid JTD an ►C12 neamhchosainti ◄ iarmharach.
(d)
ní cheadófar tráinsí difriúla sa tsraith innéacs chéanna, i sraitheanna difriúla den innéacs céanna agus i gclanna innéacs difriúla a fhritháireamh ar a chéile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|