Tabharfaidh institiúid dar tugadh an cead dá dtagraítear i mír 2 a fógra gan mhoill dá húdaráis inniúla i gcás nach gcomhlíonfaidh ceann dá deasca trádála a thuilleadh ceann amháin, ar a laghad, de na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin. Ní cheadófar a thuilleadh don institiúid an Caibidil sin a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na suíomhanna a shanntar don deasc trádála sin agus déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca
◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 1a maidir leis na suíomhanna uile a shanntar don deasc trádála sin ón dáta tuairiscithe is luaithe agus go dtí go léireoidh an institiúid do na húdaráis inniúla go bhfuil na ceanglais go léir a leagtar amach i mír 2 á gcomhlíonadh ag an deasc trádála.