+Airteagal 428p 6.

Airteagal 428p 6.

Measfar gur sócmhainní neamhualaithe na sócmhainní seo a leanas:

(a) 

sócmhainní a áirítear i gcomhthiomsú agus ar fáil lena n-úsáid láithreach mar chomhthaobhacht chun cistiúchán breise a fháil faoi línte creidmheasa geallta nó, i gcás ina bhfuil an comhthiomsú á fheidhmiú ag banc ceannais, faoi línte creidmheasa nach bhfuil geallta agus atá ar fáil don institiúid ach nach bhfuil cistithe go fóill; leis na sócmhainní sin, cuimseofar sócmhainní arna láithriú ag institiúid creidmheasa le hinstitiúid lárnach i líonra comharchumann nó i scéim cosanta institiúideach; toimhdeoidh institiúidí go mbeidh na sócmhainní sa chomhthiomsú ualaithe in ord méadaitheach a leachtachta bunaithe ar an aicmiú leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1), ag tosú le sócmhainní bhfuil incháilithe le haghaidh an mhaoláin leachtachta;

(b) 

sócmhainní atá faighte ag an institiúid mar chomhthaobhacht ar mhaithe le maolú ►C12  riosca ◄ creidmheasa in idirbhearta iasachta urraithe, idirbhearta maoiniúcháin urraithe nó idirbhearta malartaithe comhthaobhachta agus a fhéadfaidh an institiúid a dhiúscairt;

(c) 

sócmhainní atá ceangailte mar rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le heisiúint bannaí faoi chumhdach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas