+Airteagal 429d 3.

Airteagal 429d 3.

Féadfaidh institiúidí luach na ►C12  neamhchosainta ◄ a laghdú go hiomlán nó go páirteach a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 faoi mhéid barúlach iarbhír na ndíorthach creidmheasa a ceannaíodh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

is ionann aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh agus aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn nó is mó aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh ná aibíocht iarmhair an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn;

(b) 

tá an díorthach creidmheasa a ceannaíodh ar shlí eile faoi réir na dtéarmaí ábhartha céanna leis an díorthach creidmheasa i scríbhinn chomhfhreagrach nó téarmaí ábhartha níos coimeádaí ná téarmaí an díorthaigh sin;

(c) 

ní ó chontrapháirtí a d'fhágfadh an institiúid ar ►C12  neamhchosaint ◄ ar Shainpriacal Comhghaolmhaireachta, mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 291(1), ní ó chontrapháirtí den chineál sin a cheannaítear an díorthach creidmheasa a ceannaíodh;

(d) 

i gcás ina laghdaítear méid barúlach iarbhír an díorthaigh creidmheasa i scríbhinn faoi aon athrú diúltach ar an luach cóir a ionchorpraítear i gcaipiteal Leibhéal 1 na hinstitiúide, laghdaítear méid barúlach iarbhír an díorthaigh creidmheasa a ceannaíodh faoi aon athrú deimhneach ar an luach cóir a ionchorpraítear i gcaipiteal Leibhéal 1;

(e) 

ní áirítear an díorthach creidmheasa a ceannaíodh in idirbheart a rinne an institiúid a imréiteach thar ceann cliaint nó a rinne an institiúid a imréiteach ina ról mar chliant ar leibhéal níos airde i struchtúr cliant il-leibhéal agus a n-eisiatar an méid barúlach iarbhír dá dtagraítear sa díorthach creidmheasa i scríbhinn chomhfhreagrach ón tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ ina leith sin i gcomhréir le pointe (g) nó le pointe (h) den chéad fhomhír d'Airteagal 429a(1), de réir mar is infheidhme.

Chun críocha ríomh na ►C12  neamhchosainta ◄ féideartha todhchaíche ar chreidmheas i gcomhréir le hAirteagal 429c(1), féadfaidh institiúidí an chuid sin de dhíorthach creidmheasa i scríbhinn a eisiamh ón tacar glanluachála ar díorthach creidmheasa i scríbhinn é nach ndéantar a fhritháireamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a n-áirítear an méid barúlach iarbhír sa tomhas ►C12  neamhchosainta ◄ ina leith.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas