+Airteagal 435 1.

Airteagal 435 1.

Nochtfaidh institiúidí a gcuid cuspóirí bainistíochta ►C12  riosca ◄ agus a mbeartais bainistíochta ►C12  riosca ◄ agus i gcás gach catagóire ►C12  riosca ◄ ar leithligh, lena n-áirítear na ►C12  riosca ◄ dá dtagraítear sa Teideal seo. Áireofar ar na nochtuithe sin:

(a) 

na straitéisí agus na próisis chun na catagóirí ►C12  riosca ◄ sin a bhainistiú;

(b) 

struchtúr agus eagrúchán na feidhme bainistíochta ►C12  riosca ◄ ábhartha, lena n-áirítear faisnéis ar bhonn a húdaráis, a cumhachtaí agus a cuntasacht i gcomhréir le doiciméid rialála agus ionchorpraithe na hinstitiúide;

(c) 

raon feidhme agus cineál an tuairiscithe ►C12  riosca ◄ agus na gcóras tomhais;

(d) 

na beartais maidir le ►C12  riosca ◄ a fhálú agus a mhaolú, agus na straitéisí agus na próisis chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht leanúnach na bhfáluithe agus na maolaitheoirí;

(e) 

dearbhú atá faofa ón gcomhlacht bainistíochta maidir le leordhóthanacht socruithe bainistíochta ►C12  riosca ◄ na hinstitiúide ábhartha ina dtugtar cinnteacht gur leor na córais bainistíochta ►C12  riosca ◄ atá i bhfeidhm maidir le próifíl agus straitéis na hinstitiúide;

(f) 

ráiteas ►C12  riosca ◄ gairid arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta ina ndéantar cur síos gonta ar phróifíl fhoriomlán ►C12  riosca ◄ na hinstitiúide a bhaineann leis an straitéis ghnó; áireofar sa ráiteas sin:

(i) 

cóimheasa agus figiúirí ríthábhachtacha ina dtugtar léargas cuimsitheach do pháirtithe leasmhara seachtracha ar an mbainistiú a dhéanann an institiúid ar phriacal, lena n-áirítear an chaoi a ndéantar, le próifíl ►C12  riosca ◄ na hinstitiúide, idirghníomhú leis an lamháltas ►C12  riosca ◄ arna shocrú ag an gcomhlacht bainistíochta;

(ii) 

Faisnéis ar idirbhearta inghrúpa agus idirbhearta le páirtithe gaolmhara a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar phróifíl ►C12  riosca ◄ an ghrúpa chomhdhlúite.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas