+Airteagal 449a 3.
|
Airteagal 449a 3.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ina sonrófar formáidí aonfhoirmeacha nochta, mar a leagtar síos in Airteagal 434a, le haghaidh rioscaí CSR, lena n-áiritheofar go bhfuil siad comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus go seasfaidh siad leis agus, ag an am céanna, aon dúbailt ar cheanglais a bunaíodh cheana féin maidir le nochtadh i ndlí an Aontais is infheidhme á seachaint. Ní éileofar sna formáidí sin faisnéis a nochtadh thar an bhfaisnéis atá le tuairisciú d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (h), agus déanfar, leis na formáidí sin, méid agus castacht na hinstitiúide agus neamhchosaint ábhartha na n-institiúidí beaga neamhchasta ar rioscaí CSR, faoi réir Airteagal 433b, go háirithe a chur san áireamh. Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|