4. I gcás ina mainneoidh an coláiste, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an plean téarnaimh, teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh féin.
Déanfaidh údarás inniúil an CPL an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag cur san áireamh thuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí. Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra faoin gcinneadh sin i scríbhinn don CPL agus do chomhaltaí eile an choláiste.