1. I gcás ina mbeidh meath suntasach ar staid airgeadais CPL, nó i gcás ina mbeidh an CPL ag sárú na gceanglas dlíthiúil atá air, lena n-áirítear a rialacha oibríochta, agus i gcás nach leor na bearta eile a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an meath sin a chur ina cheart, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfear lucht na bainistíochta sinsearaí uile nó cuid díobh nó comhaltaí uile bhord an CPL, nó cuid díobh, as oifig.
I gcás ina gceanglóidh an t-údarás inniúil go gcuirfear lucht na bainistíochta sinsearaí uile nó comhaltaí uile bhord an CPL, nó cuid díobh, as oifig, tabharfaidh sé fógra do ESMA, don údarás réitigh agus don choláiste maoirseachta.