1. Féadfaidh an t-údarás réitigh roinnt de chonarthaí seo a leanas an CPL atá faoi réiteach, nó iad ar fad, a fhoirceannadh:
|
(a)
|
na conarthaí leis an gcomhalta imréitigh ar mainneachtain;
|
|
(b)
|
conarthaí na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní dá ndéantar difear;
|
|
(c)
|
conarthaí eile an CPL atá faoi réiteach.
|
Ní dhéanfaidh an t-údarás réitigh na conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo a fhoirceannadh ach amháin i gcás nach ndearnadh aistriú na sócmhainní agus na suíomhanna de thoradh na gconarthaí sin de réir bhrí Airteagal 48(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
Agus an chumhacht faoin gcéad fhomhír á úsáid aige, déanfaidh an t-údarás réitigh conarthaí dá dtagraítear faoi gach ceann de phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír a fhoirceannadh ar bhealach comhchosúil, gan idirdhealú a dhéanamh idir contrapháirtithe na gconarthaí sin, cé is moite de na hoibleagáidí conarthacha sin nach féidir a fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse ama réasúnach.