1. Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar CPL faoi réiteach, ar aon eintiteas sa ghrúpa céanna leis an CPL nó ar aon cheann de chomhaltaí imréitigh an CPL aon seirbhísí nó saoráidí is gá a sholáthar chun a chur ar chumas ceannaitheora nó CPL idirlinne an gnólacht a aistreofar chuige a oibriú go héifeachtach.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír beag beann ar eintiteas sa ghrúpa céanna leis an CPL nó ceann amháin de chomhaltaí réitigh an CPL a bheith i ndiaidh dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó a bheith faoi réiteach é féin.