4. I gcás ina gcuirfidh údarás réitigh Ballstáit na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagail 28 go 32 i bhfeidhm, agus i gcás ina n-áireofar ar chonarthaí, dliteanais, ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais an CPL faoi réiteach ionstraimí, conarthaí nó dliteanais arna rialú faoi dhlí Ballstáit eile, nó dliteanais atá dlite do chreidiúnaithe agus conarthaí i leith comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliaint atá lonnaithe sa Bhallstát eile sin, áiritheoidh na húdaráis ábhartha sa Bhallstát eile sin go ngabhfaidh éifeacht le haon ghníomhaíocht a dhéanfar de bharr na n-uirlisí réitigh sin.
Chun críocha na chéad fhomhíre, i gcás scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh agus, i gcás inarb infheidhme, a gcliant dá ndéanann na huirlisí réitigh sin difear, ní bheidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar an bpríomhshuim nó an méid is iníoctha den ionstraim nó dliteanas nó a chomhshó nó a athstruchtúrú, de réir mar a bheidh, ach faoi dhlí Bhallstát an údaráis réitigh.