+Airteagal 10 1

Airteagal 10 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an athbhreithniú neamhspleách ar an tsamhail tomhais riosca inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 325bi(1), pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

tá an t-athbhreithneoir neamhspleách;

(b)

tá na hacmhainní a shanntar don athbhreithniú iomchuí;

(c)

tá an próiseas atá bunaithe laistigh den institiúid leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an athbhreithneora;

(d)

déanann an t-athbhreithneoir athbhreithniú ar na samhlacha inmheánacha tomhais riosca ar bhonn bliantúil ar a laghad, agus áiríonn sé conclúidí an athbhreithnithe sin i dtuarascáil a chuirtear faoi bhráid na hardbhainistíochta agus an chomhlachta bainistíochta;

(e)

leis an tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (d), soláthraítear faisnéis leordhóthanach d’ardbhainistíocht agus do chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide maidir leis na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 325bi(2) agus Airteagal 325bp(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus sainaithnítear na réimsí sa phlean oibre bliantúil inar gá anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-eilimintí sin;

(f)

tá an t-athbhreithniú leordhóthanach, comhréireach le méid agus castacht na bpunann lena mbaineann, agus éifeachtach chun easnaimh a shainaithint.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas