1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht an phróisis chun teorainneacha trádála na hinstitiúide a thabhairt cothrom le dáta, dá dtagraítear in Airteagal 103(2), pointe (b)(ii), Airteagal 104b(2), pointí (c) agus (f), agus Airteagal 325bi(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
déanann an t-aonad rialaithe riosca comhordú agus doiciméadú cuí ar an bpróiseas chun iad a thabhairt cothrom le dáta;
|
|
(b)
|
tugann an togra le haghaidh na dteorainneacha trádála a thabhairt cothrom le dáta léiriú ar aon athrú ar na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
an leibhéal riosca is inghlactha atá socraithe ag an institiúid;
|
|
(ii)
|
an ghníomhaíocht lena bhfuil coinne i gcuspóirí buiséid na ndeasc trádála;
|
|
|
(c)
|
cuirtear an méid seo a leanas san áireamh sa togra le haghaidh na dteorainneacha trádála a thabhairt cothrom le dáta, i gcaitheamh na tréimhse inar úsáideadh an teorainn trádála ab infheidhme tráth an thabhairt cothrom le dáta:
|
(i)
|
meánleibhéal úsáide na dteorainneacha trádála ab infheidhme tráth a thugtar cothrom le dáta iad;
|
|
(ii)
|
líon agus méid na sáruithe ar theorainneacha trádála.
|
|