+Airteagal 17 1

Airteagal 17 1

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht an chláir tástála struis dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (g), agus Airteagal 325bp(7), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:

(a)

déanann an institiúid athbhreithniú go bliantúil ar a laghad ar chásanna a chuirtear i bhfeidhm mar chuid den chlár tástála struis;

(b)

déanann an t-aonad rialaithe riosca na cásanna tástála struis a chinntear sa chlár tástála struis a reáchtáil go minic agus gach mí ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí trádála nach beag ag an institiúid;

(c)

is é atá sna cásanna atá le cur i bhfeidhm mar chuid den chlár tástála struis, cé is moite de chásanna a breathnaíodh go stairiúil nó cásanna hipitéiseacha, cásanna a leanann as tástáil struis droim ar ais agus cásanna ad hoc atá ceaptha aghaidh a thabhairt ar spreagthaí riosca sonracha ábhartha;

(d)

déantar athbhreithniú ar bhonn bliantúil ar a laghad ar na cásanna dá dtagraítear i bpointe (c).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas