|
+Airteagal 493 5. |
Airteagal 493 5.Beidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 maidir leis na neamhchosaintí seo a leanas:
(a)
míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais láir, ar bhainc cheannais nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát;
(b)
míreanna sócmhainne ar éilimh iad arna ráthú go sainráite ag rialtais láir, ag bainc ceannais, nó ag eintitis earnála poiblí na mBallstát;
(c)
neamhchosaintí eile ar rialtais láir, ar bhainc ceannais, nó ar eintitis earnála poiblí na mBallstát, nó arna ráthú acu;
(d)
míreanna sócmhainne ar éilimh iad ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2);
(e)
neamhchosaintí eile ar rialtais réigiúnacha nó ar údaráis áitiúla na mBallstát, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2). Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin maidir le míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú acu, a láimhseáiltear mar neamhchosaintí ar rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil i gcomhréir le Airteagal 116(4). I gcás ina láimhseálfar míreanna sócmhainne agus neamhchosaintí eile ar eintitis earnála poiblí, nó arna ráthú ag eintitis earnála poiblí, mar neamhchosaintí ar rialtas réigiúnach nó ar údarás áitiúil i gcomhréir le hAirteagal 116(4), ní bheidh feidhm ag na socruithe idirthréimhseacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo ach amháin nuair a láimhseáiltear neamhchosaintí ar an rialtais réigiúnach sin nó ar an údarás áitiúil sin mar neamhchosaintí ar rialtas láir i gcomhréir le hAirteagal 115(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|