De mhaolú ar Airteagal 92a ón 27 Meitheamh 2019 go dtí an 31 Nollaig 2021, comhlíonfaidh na hinstitiúidí a shainaithnítear mar eintitis réitigh agus ar eintitis G-SII iad na ceanglais seo a leanas i gcónaí maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe:
▼C12
(a)
cóimheas rioscabhunaithe 16 %, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) agus (4);
▼M8
(b)
cóimheas 6 % nach cóimheas
►C12
rioscabhunaithe ◄ é, a bhaineann le cistí dílse agus dliteanais incháilithe na hinstitiúide arna sloinneadh mar chéatadán de thomhas iomlán na
►C12
neamhchosainta ◄ dá dtagraítear in Airteagal 492(4).