+Airteagal 38 6

Airteagal 38 6

6.   Chun críocha mhír 3, pointe (b)(i), déanfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas i gcás na ndeasc trádála is ábhartha nó na ndeasc trádála uile:

(a)

é a cheangal ar an institiúid an amshraith d’athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach phunann na deisce trádála a sholáthar, a úsáidtear chun comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059;

(b)

comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán Tarmligthe sin;

(c)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a eascraíonn as pointe (b) ag teacht leis na cinn siúd arna bhfáil ag an institiúid;

(d)

a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil aicmiú na ndeasc trádála chuig na criosanna dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2059 ceart.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas