+IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN I




IARSCRÍBHINN I

Liosta de na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 65(1)

I. 

Sáruithe a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla nó le coinbhleachtaí leasa:

(a) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(1) más rud é nach mbeidh socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh freagrachtaí soiléire trédhearcacha agus comhsheasmhacha ann, mar aon le sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, lena n-áirítear nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, lena gcuirtear cosc ar fhaisnéis atá faoi rún a nochtadh;

(b) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(2) más rud é nach ndéantar socruithe eagraíochtúla agus riaracháin i scríbhinn a chothabháil nó a oibriú chun aon choinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann maidir lena bhainisteoirí, lena fhostaithe, nó maidir le haon duine a bhfuil baint dhíreach nó indíreach aige leo trí naisc dhlútha;

(c) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(3) más rud é nach gcuirtear beartais leordhóthanacha agus nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun a áirithiú go gcomhlíontar forálacha uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear a bhainisteoirí agus a fhostaithe a bheith á gcomhlíonadh;

(d) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(4) le stór más rud é nach ndéantar struchtúr eagrúcháin leordhóthanacha a chothabháil nó a oibriú chun leanúnachas agus feidhmiú ordúil an stóir thrádála a áirithiú agus é ag comhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí;

(e) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(5) más rud é nach ndeighltear go hoibríochtúil a sheirbhísí coimhdeacha óna fheidhm i ndáil le taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil go lárnach;

(f) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(6) más rud é nach n-áirithítear gur leor dea-cháil agus taithí an lucht bainistíochta sinsearaí agus na chomhalta an bhoird lena áirithiú go ndéanfaidh siad bainistiú fónta stuama ar an stór trádála;

(g) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(7) más rud é nach mbíonn ceanglais chuspóireacha neamh-idirdhealaitheacha aige agus ceanglais a nochtar go poiblí, le haghaidh rochtana ag soláthróirí seirbhísí agus ag gnóthais faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe faoi Airteagal 9;

(h) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 78(8) más rud é nach nochtar go poiblí na praghsanna agus na táillí a bhaineann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo agus más rud é nach gceadaítear rochtain ar leith d'eintitis tuairiscithe ar sheirbhísí sonracha nó más rud é go ngearrtar praghsanna agus táillí nach bhfuil bainteach leis an gcostas;

▼M12

(i) 

sáróidh stór trádála pointe (a) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun sonraí idir stórtha trádála a réiteach go héifeachtach;

(j) 

sáróidh stór trádála pointe (b) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun chun cruinneas agus iomláine na sonraí tuairiscithe a fhíorú;

(k) 

sáróidh stór trádála pointe (c) d'Airteagal 78(9) mura gcuirfidh sé beartais leordhóthanacha ar bun maidir le sonraí a aistriú go hordúil chuig stórtha trádála eile i gcás ina n-iarrfaidh na contrapháirtithe agus na contrapháirtithe lárnacha dá dtagraítear in Airteagal 9 nó i gcás eile inar gá sin.

▼B

II. 

Sáruithe a bhaineann le riachtanais oibríochtúla:

▼M17

(a) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach sainaithníonn sé foinsí riosca oibríochtúil nó nach ndéanann sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;

(b) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil, agus oibleagáidí an stóir trádála a chomhlíonadh;

▼M17 —————

▼B

(d) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(2) más rud é go n-úsáidtear na sonraí a fhaigheann sé faoin Rialachán seo le haghaidh cuspóirí tráchtála sa chás nach dtugann na contrapháirtithe ábhartha a dtoiliú é sin a dhéanamh;

(e) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(3) más rud é nach ndéantar an fhaisnéis a fhaightear faoi Airteagal 9 a thaifeadadh go pras nó trína cothabháil ar feadh deich mbliana ar a laghad ón dáta a ndéanfar na conarthaí ábhartha a fhoirceannadh nó más rud é nach mbainfear leas as nósanna imeachta tráthúla agus éifeachtúla chun taifid a choimeád d'fhonn athruithe a dhéantar ar fhaisnéis a taifeadadh a dhoiciméadú;

(f) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(4) más rud é nach ndéantar suíomhanna a áireamh de réir aicme díorthach agus de réir eintiteas tuairiscithe bunaithe ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a tuairiscíodh i gcomhréir le hAirteagal 9;

(g) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(5) más rud é nach gceadaítear do na páirtithe i gconradh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gconradh sin agus an fhaisnéis sin a cheartú ar bhealach tráthúil;

(h) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 80(6) más rud é nach ndéantar gach beart réasúnach le cosc a chur ar aon mhí-úsáid maidir leis an bhfaisnéis atá á coimeád ina córais.

III. 

Sáruithe a bhaineann le trédhearcacht faisnéise agus infhaighteacht faisnéise:

(a) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 81(1) más rud é nach bhfoilsítear faisnéis go rialta, agus ar shlí a bhfuil rocháin éasca air faoi shuíomhanna comhiomlána de réir aicme na ndíorthach i ndáil leis na conarthaí a thuairiscítear dó;

(b) 

sáraítear Airteagal 81(2) le stór trádála más rud é gceadaítear rochtain dhíreach, láithreach a bheith ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 81(3) ar mhionsonraí na gconarthaí díorthacha a mbíonn gá acu leo lena ndualgais agus lena sainorduithe faoi seach a chomhlíonadh.

IV. 

Sáruithe a bhaineann le bacainní ar ghníomhaíochtaí maoirseachta:

(a) 

sáraíonn stór trádála Airteagal 61(1) trí fhaisnéis mhícheart nó mhíthreorach a chur ar fáil mar fhreagairt ar iarraidh shimplí ar fhaisnéis ón ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 61(2) nó mar fhreagairt ar chinneadh ón ÚEUM lena n-éilítear faisnéis i gcomhréir le hAirteagal 61(3);

(b) 

go gcuireann stór trádála freagraí míchearta nó míthreoracha ar fáil do cheisteanna a chuirtear de bhun Airteagal 62(1)(c);

(c) 

nach ndéanann stór trádála in am trátha beart maoirseachta a ghlacann ÚEUM de bhun Airteagal 73 a chomhlíonadh;

▼M12

(d) 

sáróidh stór trádála Airteagal 55(4) mura dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM in am trátha faoi aon athruithe ábhartha ar choinníollacha an chlárúcháin bhunaidh.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas