+Airteagal 8c Rátáil dhúbailte chreidmheasa na n-►M5ionstraimí urrúsúcháin◄
---+Airteagal 8c 1.
---+Airteagal 8c 2.

Airteagal 8c Rátáil dhúbailte chreidmheasa na n-►M5ionstraimí urrúsúcháin◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8c 1.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eisitheoir nó ag tríú páirtí gaolmhar rátáil chreidmheasa ►M5  ionstraim urrúsúcháin ◄ a iarraidh, déanfaidh siad dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa ar a laghad a cheapadh chun rátálacha creidmheasa a sholáthar go neamhspleách ar a chéile.
Airteagal 8c 2.

Déanfaidh an t-eisitheoir nó tríú páirtí gaolmhar dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú go gcomhlíonfaidh na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa arna gceapadh na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil siad sa ghrúpa céanna de ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa;

(b) 

nach bhfuil siad ina scairshealbhóirí ná ina mbaill d’aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

(c) 

nach bhfuil sé de cheart ná de chumhacht acu cearta vótála a fheidhmiú in aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

(d) 

nach bhfuil sé de cheart ná de chumhacht acu baill de bhord riaracháin ná cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile a cheapadh ná a scor;

(e) 

nach bhfuil aon bhaill dá mbord ina mbaill de bhoird riaracháin ná maoirseachta aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile;

(f) 

nach ndéanann siad, ná nach bhfuil sé de chumhacht acu, rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar aon cheann de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa eile.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas