+Airteagal 18a Spot-tagarmharcanna malairte eachtraí
---+Airteagal 18a 1.
---+Airteagal 18a 2.
---+Airteagal 18a 3.
|
Airteagal 18a Spot-tagarmharcanna malairte eachtraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18a 1.
|
Ainmneoidh an Coimisiún spot-tagarmharc malairte eachtraí a riarann riarthóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas mar thagarmharc díolmhaithe i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:
(a)
leis an spot-tagarmharc malairte eachtraí, déantar tagairt do spotráta malairte in airgeadra tríú tír a bhfuil feidhm ag rialuithe airgeadra maidir leis; agus
(b)
leis an spot-tagarmharc ráta malairte eachtraí:
(i)
úsáidtear é ar bhonn minic, córasach agus rialta chun fálú in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha sa ráta malairte eachtraí; nó
(ii)
níl tagarmharc malartach coibhéiseach aige arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas.
|
|
Airteagal 18a 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun na spot-tagarmharcanna malairte eachtraí lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 a shainaithint.
|
|
Airteagal 18a 3.
|
Tar éis an comhairliúchán poiblí a thabhairt i gcrích, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun liosta spot-tagarmharcanna malairte eachtraí lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 a chruthú faoin 9 Meitheamh 2026. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta mar is iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|