+Airteagal 48f Fíneálacha
---+Airteagal 48f 1.
---+Airteagal 48f 2.
---+Airteagal 48f 3.
---+Airteagal 48f 4.
---+Airteagal 48f 5.

Airteagal 48f Fíneálacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48f 1.
►M6  I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), d’aon ghnó nó le faillí, nó aon chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú nó le hiniúchadh nó iarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 den Chaibidil seo, glacfaidh ÚEUM cinneadh lena ngearrtar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. ◄

Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla a léiríonn gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.

Airteagal 48f 2.

Is é a bheidh in uasmhéid na fíneála dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

i gcás duine dlítheanach, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde;

(b) 

i gcás duine nádúrtha, EUR 500 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, EUR 250 000 a bheidh in uasmhéid na fíneála a ghearrfar i gcás sáruithe ar phointe (d) d’Airteagal 11(1) nó ar Airteagal 11(4) nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016, nó 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta, cibé acu is airde i gcás daoine dlítheanacha, agus EUR 100 000 nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 30 Meitheamh 2016 i gcás daoine nádúrtha.

Chun críocha phointe (a), i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE, is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim comhfhreagrach i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh.

Airteagal 48f 3.
Le linn an leibhéal fíneála a ríomh de bhun mhír 1, cuirfidh ÚEUM na critéir a leagtar amach in Airteagal 48e(2) san áireamh.
Airteagal 48f 4.
D’ainneoin mhír 3, i gcás inar bhain an duine dlítheanach tairbhe airgeadais as an sárú go díreach nó go hindíreach, beidh méid na fíneála cothrom leis an tairbhe sin ar a laghad.
Airteagal 48f 5.
Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh duine, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear bpointe (a) d’Airteagal 42(1) san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus a mhéid a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas