+TEIDEAL VIII FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 51 Forálacha idirthréimhseacha
------+Airteagal 51 1.
------+Airteagal 51 2.
------+Airteagal 51 3.
------+Airteagal 51 4.
------+Airteagal 51 4a.
------+Airteagal 51 4b.
------+Airteagal 51 4c.
------+Airteagal 51 5.
------+Airteagal 51 6.
---+Airteagal 52 Sprioc-am chun nuashonrú ar dhéanamh ar eolairí agus ar phríomhdhoiciméid faisnéise
---+Airteagal 53 Athbhreithnithe de chuid ÚEUM
---+Airteagal 54 Athbhreithniú
------+Airteagal 54 1.
------+Airteagal 54 2.
------+Airteagal 54 3.
------+Airteagal 54 4.
------+Airteagal 54 5.
------+Airteagal 54 6.
------+Airteagal 54 7.
------+Airteagal 54 8.
---+Airteagal 55 Fógra i dtaobh tagarmharcanna tagartha agus a riarthóirí
---+Airteagal 56 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014
---+Airteagal 57 Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE
---+Airteagal 58 Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE
---+Airteagal 59 Teacht i bhfeidhm

TEIDEAL VIII FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

TEIDEAL VIII FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 51 Forálacha idirthréimhseacha
Airteagal 52 Sprioc-am chun nuashonrú ar dhéanamh ar eolairí agus ar phríomhdhoiciméid faisnéise

Airteagal 52

Sprioc-am chun nuashonrú ar dhéanamh ar eolairí agus ar phríomhdhoiciméid faisnéise

Tá Airteagal 29(2) gan dochar d'aon eolairí reatha atá formheasta faoi Threoir 2003/71/CE roimh an 1 Eanáir 2018. Maidir le heolairí a bheidh formheasta roimh an 1 Eanáir 2018 faoi Threoir 2009/65/CE, déanfar na doiciméid fholuiteacha a nuashonrú ar an gcéad deis a bheidh ann chun sin a dhéanamh, nó ar a dhéanaí laistigh de 12 mhí tar éis an data sin.

Airteagal 53 Athbhreithnithe de chuid ÚEUM

Airteagal 53

Athbhreithnithe de chuid ÚEUM

▼M6 —————

▼M2

2.  
Beidh de chumhacht ag ÚEUM an fhianaise dhoiciméadaithe a éileamh ó údarás inniúil maidir le haon cheann de na cinntí arna nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 51(2) agus Airteagal 25(2), agus maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh i dtaca le forfheidhmiú Airteagal 24(1).
Airteagal 54 Athbhreithniú
Airteagal 55 Fógra i dtaobh tagarmharcanna tagartha agus a riarthóirí

Airteagal 55

Fógra i dtaobh tagarmharcanna tagartha agus a riarthóirí

Nuair a bhíonn tagarmharc tagartha in ionstraim airgeadais atá cuimsithe le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, beidh ar áireamh sna fógraí faoi Airteagal 4(1) den Rialachán sin ainm an tagarmhairc tagartha agus ainm a riarthóra.

Airteagal 56 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

Airteagal 56

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh 596/2014 mar a leanas:

(1) 

Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:

(a) 

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“1a.  

An oibleagáid fógartha dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aici maidir le hidirbhearta in ionstraimí airgeadais atá nasctha le scaireanna nó le hionstraimí fiachais an eisitheora dá dtagraítear sa mhír sin i gcás ina gcomhlíontar, tráth an idirbhirt, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de na sócmhainní arna sealbhú ag an ngnóthas comhinfheistíochta;

(b) 

go soláthraíonn an ionstraim airgeadais neamhchosaint ar phunann sócmhainní ina bhfuil an neamhchosaint ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ag leibhéal nach bhfuil níos mó ná 20 % de shócmhainní na punainne;

(c) 

gurb é atá san ionstraim airgeadais aonad nó scair i ngnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn sí neamhchosaint ar phunann sócmhainní agus nach feasach don duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó do dhuine atá i ndlúthchomhlachas le duine den sórt sin, agus nach bhféadfadh sé go mbeadh fios acu, cad é comhdhéanamh nó neamhchosaint infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta sin nó na punainne sócmhainní a mhéid a bhaineann le scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, agus thairis sin nach bhfuil aon chúis ann chun go gcreidfeadh an duine sin go bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora níos airde ná na tairseacha i bpointe (a) nó i bpointe (b).

Má tá faisnéis maidir le comhdhéanamh infheistíochta an ghnóthais comhinfheistíochta nó maidir le neamhchosaint na punainne sócmhainní ar fáil, ansin déanfaidh an duine ar a bhfuil an fhreagracht bhainistíochta nó duine atá i ndlúthchomhlachas leis an duine sin gach dícheall réasúnach an fhaisnéis sin a fháil iad féin.”;

(b) 

i mír 7, cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“Chun críocha phointe (b), idirbhearta a fhorghníomhaítear i scaireanna nó in ionstraimí fiachais de chuid eisitheora nó i ndíorthaigh nó ionstraimí airgeadais eile atá nasctha leo ag bainisteoirí gnóthais comhinfheistíochta ina bhfuil infheistiú déanta ag an duine ar a bhfuil freagrachtaí bainistíochta nó ag duine atá i ndlúthchomhlachas leis, ní gá iad a fhógairt sa chás ina bhfuil bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta ag feidhmiú dá lánrogha agus gur rud é sin a fhágann nach bhfuil an bainisteoir ag fáil aon teagaisc ná moltaí, go díreach nó go hindíreach ó infheisteoirí sa ghnóthas comhinfheistíochta sin, i dtaobh chomhdhéanamh na punainne.”.

(2) 

Leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:

(a) 

i mír (2) agus i mír (3), cuirtear “, in Airteagal 19(13) agus (14) agus in Airteagal 38” in ionad an fhrása “agus in Airteagal 19(13) agus (14)”;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (5):

“5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(5) agus (6), Airteagal 12(5), an tríú fomhír d'Airteagal 17(2), Airteagal 17(3), Airteagal 19(13) nó (14) nó Airteagal 38 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”.
(3) 

In Airteagal 38, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach leis:

“Faoin 3 Iúil 2019, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseacha a leagtar amach in Airteagal 19(1a)(a) agus (b) i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó go soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d'fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena gcoigeartaítear na tairseacha in Airteagal 19(1a)(a) agus (b), má chinneann sé sa tuarascáil sin gur cheart na tairseacha sin choigeartú.”.

Airteagal 57 Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE

Airteagal 57

Leasuithe ar Threoir 2008/48/CE

Leasaítear Treoir 2008/48/CE mar a leanas:

(1) 

In Airteagal 5(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“I gcás ina ndéanann an comhaontú creidmheasa tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe 3 d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), déanfaidh an creidiúnóir, nó i gcás inarb infheidhme, an t-idirmheánaí creidmheasa, ainm an tagarmhairc agus a riarthóra mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir a sholáthar don tomhaltóir i ndoiciméad ar leithligh, a fhéadfar a chur i gceangal mar iarscríbhinn leis an bhfoirm don Fhaisnéis Chaighdeánach Eorpach um Chreidmheas Tomhaltóra.

(2) 

In Airteagal 27(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun Airteagal 5(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”.

Airteagal 58 Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE

Airteagal 58

Leasuithe ar Threoir 2014/17/AE

Leasaítear Treoir 2014/17/AE mar a leanas:

(1) 

Sa dara fomhír d'Airteagal 13(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(ea) i gás ina bhfuil conarthaí a dhéanann tagairt do thagarmharc faoi mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d'Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ) ar fáil, ainmneacha na dtagarmharcanna agus a riarthóirí mar aon leis na himpleachtaí féideartha ar an tomhaltóir;

(2) 

In Airteagal 42(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Faoin 1 Iúil 2018, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2018.”;

(3) 

In Airteagal 43(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Ní bheidh feidhm ag pointe (ea) den dara fomhír d'Airteagal 13(1) maidir le comhaontuithe creidmheasa a bhí ann roimh an 1 Iúil 2018.”.

Airteagal 59 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2018.

In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 3(2), 5(5), 11(5), 13(3), 15(6), 16(5), Airteagal 20 (cé is moite de phointe (b) d'fhomhír (6)), Airteagal 21 agus Airteagal 23, Airteagail 25(8), 25(9), 26(5), 27(3), 30(5), 32(9), 33(7), 34(8), Airteagal 46, agus Airteagal 47(3) agus Airteagal 51(6) amhail ón 30 Meitheamh 2016.

In ainneoin an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 56 amhail ón 3 Iúil 2016.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas