+Airteagal 17
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
|
Airteagal 17
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile fógra láithreach d’údaráis inniúla na mBallstát aíochta agus do ÚEUM faoi aon chás ina gcláraítear nó ina mbaintear den chlár bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár, agus faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear den liosta iad, ina bhfuil sé ar intinn ag bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach na cistí sin a mhargú. Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfaidh údarás inniúil ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 15a fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit baile, d’údaráis inniúla na mBallstát óstaigh agus do ÚEUM faoi aon chiste fiontraíochta sóisialta a chuirtear leis an gclár nó a bhaintear den chlár nó faoi aon chás ina gcuirtear le liosta na mBallstát, nó ina mbaintear de, a bhfuil sé ar intinn ag an mbainisteoir um an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach sin an ciste sin a mhargú.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát óstach aon cheanglais ná nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a fhorchur ar na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, agus ní cheanglóidh siad go bhformheasfar an margú sin sula rachfar ina bhun. Áirítear leis na ceanglais den sórt sin nó na nósanna imeachta riaracháin táillí agus muirir eile.
|
|
Airteagal 17 3.
|
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid an fhógra faoin Airteagal seo a chinneadh.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Déanfaidh ÚEUM dréachtaí de na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Feabhra 2014.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|