|
+Airteagal 41 1. |
Airteagal 41 1.Déanfaidh soláthraithe TPPUnna na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a infheistiú i gcomhréir le riail “an duine stuama” agus go háirithe i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
(a)
déanfar na sócmhainní a infheistiú chun leasanna fadtéarmacha is fearr na gcoigilteoirí TPPU i gcoitinne. I gcás coinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, áiritheoidh an soláthraí TPPUnna, nó an t-eintiteas a bhainistíonn a phunann, go ndéanfar an infheistíocht chun leasa na gcoigilteoirí TPPU agus chun an leasa sin amháin;
(b)
laistigh de riail an duine stuama, cuirfidh soláthraithe TPPUnna san áireamh na rioscaí a bhaineann le cinntí infheistíochta agus an tionchar fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le tosca ESG;
(c)
déanfar na sócmhainní a infheistiú sa chaoi go n-áiritheofar slándáil, cáilíocht, leachtacht agus brabúsacht na punainne ina hiomláine;
(d)
déanfar na sócmhainní a infheistiú go príomha i margaí rialáilte. Déanfar an infheistíocht i sócmhainní nach ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh airgeadais rialáilte a choinneáil ar leibhéil stuama;
(e)
féadfar infheistiú a dhéanamh in ionstraimí díorthacha a mhéid is a rannchuidíonn ionstraimí den chineál sin le rioscaí infheistíochta a laghdú nó le bainistiú punainne éifeachtúil a éascú. Déanfar na hionstraimí sin a luacháil ar bhonn stuama, agus an tsócmhainn fholuiteach á cur san áireamh, agus áireofar iad i luacháil sócmhainní soláthraí TPPUnna. Déanfaidh soláthraithe TPPUnna riosca neamhchosanta iomarcach ar chontrapháirtí aonair agus ar oibríochtaí díorthacha eile a sheachaint freisin;
(f)
déanfar na sócmhainní a éagsúlú go cuí chun go seachnófar an spleáchas iomarcach ar aon sócmhainn, eisitheoir nó grúpa gnóthas ar leith agus carnadh riosca sa phunann ina hiomláine. Ní dhéanfaidh infheistíochtaí i sócmhainní a eiseoidh an t-eisitheoir céanna nó eisitheoirí a bhaineann leis an ngrúpa céanna soláthraí TPPUnna a neamhchosaint ar chomhchruinniú riosca iomarcacha;
(g)
ní dhéanfar na sócmhainní a infheistiú i ndlínse neamh-chomhoibríoch chun críocha cánach arna sainaithint i gconclúidí is infheidhme na Comhairle maidir leis an liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach, ná i dtríú tír ardriosca ina bhfuil easnaimh straitéiseacha arna sainaithint ag an Rialachán Tarmligthe is infheidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849;
(h)
ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna é féin ná na sócmhainní a chomhfhreagraíonn don TPPU a chur ar neamhchosaint ar rioscaí a thagann as luamhánú iomarcach agus as claochlú aibíochta iomarcach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|