2. Seachas nuair a fheidhmíonn AMLA mar mhaoirseoir, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit baile maoirseacht ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe uile-ghrúpa dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2024/1624. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfaidh maoirseoirí airgeadais an Bhallstáit óstaigh maoirseacht ar chomhlíonadh Rialacháin (AE) 2024/1624 agus Rialachán (AE) 2023/1113 ag na bunaíochtaí atá lonnaithe ar chríoch a mBallstáit.