7. An t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil ina mbeidh faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
(a)
|
líon agus cineál na sáruithe arna mbrath ag gach comhlacht féinrialála agus na smachtbhannaí airgid arna bhforchur ar eintitis faoi oibleagáid nó na bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm orthu;
|
|
(b)
|
líon na n-idirbheart amhrasach arna dtuairisciú ag na heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir maoirseachta arna déanamh ag gach comhlacht féinrialála chuig FIU, cibé acu a cuireadh iad sin isteach go díreach de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624, nó a chuir gach comhlacht féinrialála ar aghaidh chuig FIU iad de bhun Airteagal 70(1) den Rialachán sin;
|
|
(c)
|
líon na smachtbhannaí airgeadais agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur nó líon na mbeart arna gcur i bhfeidhm, agus cur síos orthu, faoi Roinn 4 den Chaibidil seo ag gach comhlacht féinrialála chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2024/1624 dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Treoir seo;
|
|
(d)
|
líon na mbeart, agus cur síos orthu, arna ndéanamh ag an údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála faoin Airteagal seo agus líon na dtreoracha arna n-eisiúint do chomhlachtaí féinrialála.
|
Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus AMLA é.