+Airteagal 56 Bearta riaracháin
---+Airteagal 56 1
---+Airteagal 56 2
---+Airteagal 56 3
---+Airteagal 56 4
---+Airteagal 56 5
|
Airteagal 56 Bearta riaracháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh maoirseoirí in ann bearta riaracháin a chur i bhfeidhm ar eintiteas faoi oibleagáid i gcás ina sainaithníonn siad:
|
(a)
|
sáruithe ar Rialachán (AE) 2024/1624 nó Rialachán (AE) 2023/1113, in éineacht le smachtbhannaí airgid i gcás sáruithe tromchúiseacha, leantacha agus córasacha, nó astu féin;
|
|
(b)
|
laigí i mbeartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid ar dócha go mbeidh sáruithe ar na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) mar thoradh orthu agus go bhféadfaí na sáruithe sin a chosc nó an riosca a bhaineann leo a laghdú le bearta riaracháin;
|
|
(c)
|
go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha ag an eintiteas faoi oibleagáid nach bhfuil i gcomhréir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil an t-eintiteas neamhchosanta orthu.
|
|
|
Airteagal 56 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na maoirseoirí in ann an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(b)
|
ordú a thabhairt d’eintitis faoi oibleagáid comhlíonadh a dhéanamh, lena n-áirítear bearta ceartaitheacha sonracha a chur chun feidhme;
|
|
(c)
|
ráiteas poiblí a eisiúint ina sainaithnítear an duine nádúrtha nó dlítheanach agus cineál an tsáraithe;
|
|
(d)
|
ordú a eisiúint ina n-éilítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;
|
|
(e)
|
gnó, oibríochtaí nó líonra institiúidí a chuimsíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid a shrianadh nó a theorannú, nó a cheangal go ndéanfar gníomhaíochtaí a dhífheistiú;
|
|
(f)
|
i gcás ina mbeidh eintiteas faoi oibleagáid faoi réir údaraithe, an t-údarú a tharraingt siar nó a chur ar fionraí;
|
|
(g)
|
a cheangal go n-athrófar an struchtúr rialachais.
|
|
|
Airteagal 56 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh maoirseoirí in ann, trí bhíthin na mbeart riaracháin dá dtagraítear i mír 2, an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:
|
(a)
|
a cheangal go soláthrófar aon sonraí nó faisnéis is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh de bhun na Caibidle seo gan moill mhíchuí, a cheangal go gcuirfear aon doiciméad isteach, nó ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a fhorchur;
|
|
(b)
|
a cheangal go n-atreiseofar na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe inmheánacha;
|
|
(c)
|
a cheangal ar an eintiteas faoi oibleagáid beartas sonrach nó ceanglais shonracha a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí cliant nó cliaint aonair, idirbhearta, gníomhaíochtaí nó bealaí seachadta ardriosca;
|
|
(d)
|
a cheangal go gcuirfear chun feidhme bearta chun go dtiocfaidh laghdú ar na rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta is dual do ghníomhaíochtaí agus táirgí an eintitis faoi oibleagáid.
|
|
(e)
|
toirmeasc sealadach a chur ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta in eintiteas faoi oibleagáid, nó ar aon duine nádúrtha eile a mheastar a bheith freagrach as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú in eintitis faoi oibleagáid.
|
|
|
Airteagal 56 4
|
4. Na bearta riaracháin dá dtagraítear i mír 2, beidh sprioc-amanna ceangailteacha maidir lena gcur chun feidhme ag gabháil leo, i gcás inarb ábhartha. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh maoirseoirí obair leantach agus measúnú ar chur chun feidhme an eintitis faoi oibleagáid maidir leis na gníomhaíochtaí arna n-iarrraidh.
|
|
Airteagal 56 5
|
5. Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a thabhairt do mhaoirseoirí cineálacha beart riaracháin a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear i mír 2.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|